Friday, January 19, 2007

Fáilte romhaibh

Léigh é seo ar dtús - READ THIS FIRST!

Note: Leave a complimentary comment about one of your classmates' projects - NOT about the program! You've done that already.

Click on 'comments', then select 'anonymous', not 'Gmail user'

Use the 'TEANGA' section (see the list on the right') to help you with words & phrases e.g. "Is é mo thuairim ... Ceapaim ... Is é seo an ceann is fearr... "

Remember to sign your name



OK lads, you've made it this far. So far, you've (1) watched TG4's programme on the top 10 programmes, maith shibhse. (2) You've made a list of the programmes, and ordered them according to your group's preference. (3) You discussed this in your groups, and then wrote about the discussion for homework, using the new words and phrases (see the Teanga section of this website). (4) Then, you looked for information on the programmes on this website, as well as info from other websites (nascanna). The closcríbhneoir in your group designed your project and then emailed it.

Cliceáil ar na nascanna ar dheis, agus ansin ar na híomhánna chun na tionscnaimh a léamh.

After you've read them, leave a complimentary comment (Cén fáth go raibh an tionscnamh go maith? Cén fáth gur thaitin sé leat?)

Closcríbhneoirí - aimsigh 10 athrú a rinne mé ar na tionscnaimh (find 10 changes I made to the projects - gramadach, focail ...)

Mar fhocal deiridh, maith shibhse. Bhí na tionscnaimh thar cionn; bhíos an-sásta. ML

David, Ed, Gary, Mark

Seo é an tionscnamh a rinne David, Ed, Gary, Mark
Cliceáil ar na híomhánna chun an tionscnamh a léamh.


Ivan, Patrick, Paul, Tim

Seo é an tionscnamh a rinne Ivan, Patrick, Paul agus Tim.

Cliceáil ar na híomhánna chun an tionscnamh a léamh.



Tuesday, January 16, 2007

Kevin, Jamie, Cillian

Seo é tionscnamh a rinne Kevin, Jamie, agus Cillian.

Cliceáil ar an íomhá chun an tionscnamh a léamh.



Daniel,

Seo é an tionscnamh a rinne Daniel agus ??

Cliceáil ar na híomhánna chun an tionscnamh a léamh.




Jack, Diarmuid, Sam

Seo é an tionscnamh a rinne Jack, Diarmuid, agus Sam.

Cliceáil ar na híomhánna chun an tionscnamh a léamh.



Jack, Eric, Harry

Seo an tionscnamh a rinne Jack C, Eric, agus Harry.

Cliceáil ar an íomhá chun an tionscnamh a léamh.


Stephen, Stephen, Konrad

Seo é an tionscnamh a rinne Stephen MacC, Stephen O'C, agus Konrad.

Cliceáil ar an íomhá chun an tionscnamh a léamh.


TG10

Seo é an tionscnamh a rinne Jack C, Harry, agus Eric.


Wednesday, January 10, 2007

Fáilte

Léigh é seo ar dtús - READ THIS FIRST!

OK lads, you've made it this far. So far, you've (1) watched TG4's programme on the top 10 programmes, maith shibhse. (2) You've made a list of the programmes, and ordered them according to your group's preference. (3) You discussed this in your groups, and then written about the discussion for homework, using the new words and phrases (see the Teanga section of this website).

Now, you're looking for information on the programmes. You'll find some info on this website, as well as info from other websites (see the Nascanna (links) section at below each drama's description).

Write 3 sentences about each of your top 3 programmes. Use the different websites listed.
So that's 9 sentences in total - it's not that hard!

Also - think of a name for your group (in Irish) and maybe a design or style for your project. We can discuss it tomorrow in class.

Ádh mór libh!

Tuesday, January 9, 2007

Teanga: Focail is frásaí


Ag tosnú comhrá le do ghrúpa

Cad a cheapann tú faoin gcéad chlár, Fear an Phoist?

An dóigh leat go bhfuil sé go maith?

An dóigh leat gurb é an ceann is fearr é?

Cad faoin dara clár? Cad a shíleann sibh?

Bhuel? Ar thaitin X libh? Thaitin sé liom. I ndáiríre!

Ag aontú le duine

Go díreach. Gan dabht. Gan amhras. Abair é. D'fhéadfá a rá.
Aontaím (ar fad) leat. Tá. Bíonn. Beidh. Rinne. ChuirAontaím (ar fad) leat. Tá. Bíonn. Beidh. Rinne. Chuir.

Ag easaontú le duine

Ní dóigh liom é, Níl a fhios agam; Ní hea; Sea, ach ... Níl. Ní bhíonn. Ní dhearna. Ní chreidim é. Seafóid.

Aontú/easaontú a iarraidh

An dóigh leat? Cad a cheapann tú? Dáiríre? Nach gceapann tú go raibh an dráma sin beagán aisteach? / seafóideach? / bómánta?
Nach as Sasana é siúd

Séanadh

Ní/Níor/Níl. Níl sé sin fíor.

Ag tabhairt tuairisc

Ceapaimid gurb é X an ceann is fearr.

Sílimid gurb é X an dara/tríú ceann is fearr.

Ní aontóimd le TG4. Deirimid gurb é Y an clár is measa, gan amhras.

Tá X go hiontach.

Tá Y uafásach.

Dar linn ...

Inár dtuairim féin (i mo thuairim féin) ...

Inár mbárúil féin (i mo bhárúil féin)

Is maith linn Z. Tá sé an-suimiúil / an-ghreannmhar /

Labhraíomar faoi gach clár, agus shocraíomar sa deireadh, nach maith linn 1,3,6,7,8, ach gur breá linn 2,4,5,9,10.

Seo é ár liosta. Sa chéad áit, X1. Sa dara/tríú/cheathrú/chúigiú áit ...








Le déanamh


Every project in this order.

1) Introduction

Inné, labhraíomar / rinneamar / d'fhéachamar ...

2) Record and write opinions from your group, including your top 10 list at the end.

Labhraíomar faoi gach clár, agus bhí bárúil difriúil ag gach duine, dar ndóigh. Cheap John gurbh é Fear an Phoist an dráma is fearr, ach níor aontaigh an grúpa leis. Is clár maith é, ach ní hé an clár is fearr. Shocraíomar sa deireadh, gurb é Ros na Rún an clár is fearr. Dar linn, bhí Lipservice go hiontach, agus mar sin, chuireamar é sa dara áit, agus Fear an Phoist i nidiaidh sin.

Is fuath le Seán Fluent Dysphasia agus Mac an Athar, ach, chun a bheith macánta, sílimid gur cláracha den chéad scoth iad! Chuireamar iad sa chúigiú agus sa séú háit. Roimhe, chuireamar Teenage Cics sa cheathrú háit, mar is clár an-ghreannmhar is an-suimiúil é, agus táimid ag tnúth leis an nGaeltacht sa samhradh se!

Ach, is fuath linn CU Burn. Níor aontaíomar le TG4. Is clár seafóideach é! ... ... ...


Seo é ár liosta: 1. X 2. Y 3. ... ... ...

3) Information on programmes in your top 3.

4) Why you put number one as number one.

5) Focal Deiridh

Sunday, January 7, 2007

TG4 10 dráma

Tá eolas ar an deich dráma is fearr ó 1996 go dtí seo dar le lucht féachana TG4. Féachaigí ar an liosta seo agus socraigí dá n-aontódh sibh. Déanaigí bhur liosta féin.

CU Burn


CU Burn (1997) - sraith ghrinn
Stiúrthóir - An comhlacht - "Lios na Sí"
Aisteoirí - Jack Quinn

Tá an tsraith bunaithe ar imeachtaí i saol adhlacóra (undertaker) agus a chomhpháirtí atá tar éis créamatóiriam móna a thógáil! Bhain an lucht féachana an-spraoi agus an-chraic as na heachtraí greannmhara is as na heachtraí aisteacha Charlie is Vincey Burn. Imeartas focal atá i gceist maidir leis an teideal, dar ndóigh.

Níl aon nasc anseo - ghabh leithscéal! Bain úsáid as an t-eolas seo. (MacLiam)

Ros na Rún








Ros na Rún (1996) - sobaldráma




Stiúrthóirí, scríbhneoirí, aisteoirí - féach ar http://www.imdb.com/title/tt0249314/fullcredits#directors




Is é Ros na Rún an sobaldráma is fearr in Éirinn gan amhras, i bhfad níos fearr ná a dhrochdheirfiúr Fair City... suite i baile samhailteach sa Spidéal i nGaillimh, pléitear go minic téamaí mar fhoréigean baile, mídhílseacht, an ghoid, agus an coirloscadh. Tá dhá mhíniú i gceist maidir leis an teideal - Wood/Headland of the Secrets" or "Wood/Headland of the Sweethearts.




http://ga.wikipedia.org/wiki/Ros_na_R%C3%BAn (beagán)
http://en.wikipedia.org/wiki/Ros_na_R%C3%BAn (mórán)
http://www.tg4.ie/dram/dram.htm

Teenage Cics


Teenage Cics (2006) - dráma grinn


Stiúrthóirí agus scríbhneoirí - Frank Berry agus Audrey O'Reilly


Suite sna hochtóidí, is sraith í Teenage Cics faoi shaol sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Gach bliain téann na mílte déagóirí ann agus tá an dráma seo bunaithe ar na heachtraí suimiúla a tharla do roinnt charachtar ... mar shampla na cailíní, na póga, na rincí, na céilithe, an gáire, an gol, agus dar ndóigh, an Ghaeilge ...


www.niftc.co.uk/doc/inline/TeenageCics.doc
http://www.imdb.com/title/tt0847442/

Yu Ming is ainm dom





Yu Ming is ainm dom (2003) - gearrscánnán grinn


Stiúrthóir - Daniel O'Hara


Sa scannán, tagann Síneach óg gan Bhéarla (Daniel Wu) go hÉirinn tar éis dó Gaeilge a fhoghlaim (mar cheapann sé go labhraíonn gach aon duine an Ghaeilge in Éirinn!). Cliseann ar a phleananna (his plans fail), áfach, nuair a fhoghlaimíonn an Síneach óg nach labhartar Gaeilge go forleathan in Éirinn, cé gurb í príomhtheanga oifigiúil na hÉireann í. Tagann uafás ar an bhfear óg nuair a cheapann daoine go bhfuil sé ag labhairt Sínise!


Faoi dheireadh, buaileann sé le fear (Frank Kelly - Fr Jack i Father Ted) a labhraíonn Gaeilge leis agus a chuireann comhairle air taisteal siar chun na Gaeltachta, áit a fhaigheann sé post mar threoraí do thurasóirí (tourist guide).
Nascanna:




An Leabhar

An Leabhar (2000) - scéinséir


Stiúrthóir - Robert Quinn

Scríbhneoir - Darach Ó Scolaí

Príomhaisteoirí - Colm Ó Maonlaí, Peadar Ó Treasaigh


Scéal duairc faoi dhúnmharú atá ann. Tugtar Colm MacLara isteach i saol na coiriúlachta nuair a thagann se trasna ar dhúnmharú in óstán i bPáras. Cuireann sé seo é i dteangmháil le feallmheafóirí gairmiúla, na Gardaí, et les Gendarmes, ar shráideanna Bhaile Atha Cliath is ar shráideanna Phárais...


Nascanna:
http://www.solasnua.org/film_spring_2006.html
http://www.rosg.ie/oba2.htm

Mac an Athar



Mac an Athar (2005) - dráma


Stiúrthóir agus scríbhneoir - Colm Bairéad
Príomhaisteoirí - Macdara Ó Fatharta, Cain Williams




Gearrscéal a bhfuil an teanga mar théama atá ann. Scéal faoi bhuachaill nár labhair lena athair i nGaeilge ó bhás a mháthar, cé gur tógadh é trí mheán na Gaeilge. Ach tarlaíonn athrú mór nuair a thuigeann an buachaill go bhfuil bás a mháthar an-dian ar a athair. Scéal ríthrom atá ann.

Nascanna:
http://www.imdb.com/title/tt0758918/

http://www.ionad.org/imeachtai/20060304/index.htm

https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A2=ind0602&L=gaelic-l&D=1&P=1927 (Gaeilge dheacair)




Éireville



Éireville (2001) - scánnán noire


Stiúrthóir - James Finlan


Is bleachtaire príobháideach i saol samhailteach sa todhchaí é Lemmy Cúramach (Michael O'Sullivan). Tháinig sé chuig an baile nua-aimsire Éireville agus aon aidhm amháin aige - an ceannasaí malartach Patrick von Phearsemann a scriosadh.


Nascanna:

http://www.imdb.com/title/tt0311064/
http://www.youtube.com/watch?v=AlSR7Sl_z3s

Fluent Dysphasia


Fluent Dysphasia (2004) - dráma grinn


Stiúrthóir agus scríbhneoir - Daniel O'Hara


Dúisíonn an príomhaisteoir, Stephen Rea, maidin amháin agus bíonn an Ghaeilge ar a thoil aige (tá sé ábalta an Ghaeilge a labhairt), rud nár tharla dó riamh cheana. Ní féidir leis an Béarla a labhairt ar chor ar bith. Tá gach focal Béarla dearmadta aige. Lorgaíonn sé cabhair ó dhuine ar bith a thabharfadh sin dó!


Nascanna:

http://www.atomfilms.com/film/fluent_dysphasia.jsp (Is féidir leat éachaint ar an scánnán anseo! - watch the film here!)

http://www.imdb.com/title/tt0431763/



Lipservice


Lipservice (1998) - dráma grinn


Stiúrthóir agus scríbhneoir - Paul Mercier


Scéal faoi scrúdú béil na hArdteiste i mBaile Atha Cliath. Is é Sean McGinley atá i bpáirt an chigire. Tá na mic léinn ag éirí níos measa de réir mar a leanann an lá ar aghaidh, is fágann sé an scoil ag deireadh an lae agus an-díomá air. Bhuaigh an scánnán seo duaiseanna ag mórán comórtas idirnaisiúnta.

Nascanna:

http://www.iol.ie/~galfilm/filmwest/34mercier.htm
http://www.imdb.com/title/tt0192253/

Fear an Phoist




Fear an Phoist (2003) - dráma grinn


Stiúrthóir - Dennis Kirkland

Scríbhneoirí - Pierce Boyce agus Bríd Seoighe


Dráma grinn gan focal atá ann faoi eachtraí fhear poist i mbaile beag. Is é Little John Nee an príomhaisteoir i ról fear an phoist, agus deirtear gurb é an chéad Mr Bean eile é! Gach lá déanann sé iarracht litreacha a sheachadadh, ach bíonn air go rialta mórán bacanna (obstacles) a sheachaint...


http://www.abumedia.com/index.php?option=com_content&task=view&id=15&Itemid=40
http://www.imdb.com/title/tt0452719/