Sunday, January 7, 2007

Yu Ming is ainm dom





Yu Ming is ainm dom (2003) - gearrscánnán grinn


Stiúrthóir - Daniel O'Hara


Sa scannán, tagann Síneach óg gan Bhéarla (Daniel Wu) go hÉirinn tar éis dó Gaeilge a fhoghlaim (mar cheapann sé go labhraíonn gach aon duine an Ghaeilge in Éirinn!). Cliseann ar a phleananna (his plans fail), áfach, nuair a fhoghlaimíonn an Síneach óg nach labhartar Gaeilge go forleathan in Éirinn, cé gurb í príomhtheanga oifigiúil na hÉireann í. Tagann uafás ar an bhfear óg nuair a cheapann daoine go bhfuil sé ag labhairt Sínise!


Faoi dheireadh, buaileann sé le fear (Frank Kelly - Fr Jack i Father Ted) a labhraíonn Gaeilge leis agus a chuireann comhairle air taisteal siar chun na Gaeltachta, áit a fhaigheann sé post mar threoraí do thurasóirí (tourist guide).
Nascanna:




2 comments:

Anonymous said...

Is maith liom Yu Ming Is Aimn Dom mar tá sé an-mhaith. Tá sé an-suimúil

Anonymous said...

agus tá Fr. Jack iseach ann.Is aobhinn liom Father Ted